Ár Scoil

Stair na Scoile

Chroch Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin a cuid seolta don chéad uair sa bhliain 1994, bunaithe ag an Roinn Oideachais le Traolach Ó Donnabháin mar chathaoirleach agus Carmel Nic Airt mar phríomhoide. Mar thoradh ar éileamh ó thuistí do scoil ilchreidmheach lán Ghaeilge i gceantar Chloch na gCoillte. B’í ár scoil an dara Gaelscoil Ilchreidmheach sa tír.

Bunaíodh comhlacht teoranta dárbh ainm An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán Ghaeilge chun a bheith mar phatrún na scoile. Bainistíonn an Foras 70 Gaelscoil anois ó cheann ceann na tire.

D’oscail ár scoil a doirse ar an gCéad lá de Mheán Fómhair 1994 mar Ghaelscoil Chloch na gCoillte. Insan bliain 2013 athraíodh ainm na scoile chuig Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin in onóir ár laoch áitiúil Mícheál Ó Coileáin. Bhí 22 páiste agus múinteoir amháin sa scoil an bhliain sin.

Tháinig fás agus borradh go tapaidh ar mhéid na scoile agus is iomaí foirgneamh inar chuireamar fúinn thar na mblianta, ó óstán go teach saoire, ó sheomraí réamh dhéanta go foirgneamh bainc go dtí gur tógadh ár bhfoirgnimh reatha sa bhliain 2013.

I 2012, bunaíodh an t-Aonad Uathachais (Aonad Uí Mhuirthile) inár scoil chun freastal ar pháistí an dúthaigh a bhí ar speictream an uathachais. Tá 4 rang againn in Aonad Uí Mhuirthile faoi láthair.

Tá os cionn 40 fostaithe sa scoil anois ag freastal ar 380 páiste. Ní bheadh an fás agus an forbairt seo taréis teacht ar ár scoil gan fís agus dúthracht na dtuistí thar na mblianta, obair is saothar na mboird bainistíochta éagsúla, cairde na scoile agus gan amhras, gan treoir agus ceannaireacht Thraolach Uí Dhonnabháin agus Carmel Nic Airt. Taréis trí bliain fhichead ag stiúradh an bháid mar phríomhoide, d’eirigh Carmel Nic Airt as, agus ina háit tháinig an príomhoide reatha, Pádraig Ó hEachthairn.

Tá Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin comhcheangailte le Gaelscoileanna Teo. Ó thús na h80dí tá fás thar na bearta tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír le 180 Gaelscoil anois ar oileán na hÉireann. Cothaíonn Gaelscoileanna nasc idir shaibhreas chultúrtha na tíre agus dearcadh oideachasúl nua aimseartha.

Fís na Scoile

Éispéireas cuimsitheach oideachasúil lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar.
Photo of Curlew Bird Statue in front of the Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin
Photo of different coloured flowers

Ráiteas Misean

Go mbeidh deis ag gach ball do phobal na scoile forbairt iomlán de réir a inniúlachta féin i ngach gné dá saol, idir oideachasúil, fisiciúl, spriodálach, cultúrach agus mórálach, trí mheán na Gaeilge.

Éiteas na Scoile

Is iad na páistí croí lár agus cuisle ár scoile. Léirítear meas ar a chéile sa tslí gur féidir le gach éinne fás agus forbairt mar dhaoine is mar shaoránaigh. Déantar ceiliúradh ar dhifríochtaí, ach le béim ar chuimsiú chun go mbeadh teacht ag gach éinne ar na deiseanna oideachasúla cuí. Luíonn sé seo le manna na scoile “Ar Scáth a Chéile a Mhairimid”.
Photo of 3 children going up the steps of the school

Cairde na Scoile

Is cumann tuistí atá i gCairde na Scoile a chabhraíonn chun saol scoile na bpáistí a fheabhsú is a shaibhriú trí imeachtaí a eagrú i gcomhréir le príomhoide is foireann na scoile. Cothaíonn Cairde na Scoile nasc idir an scoil is an baile.

An Bord Bainistíochta

Traolach Ó Donnabháin (Cathaoirleach) 
Emma Ní Bhriain 
Brian Ó hAodha  
Cal Mac Cárthaigh 
Sorcha Ní Chaoimh 
Máirtín Ó Donnabháin 
Fionnuala Ní Chonchúir 
Pádraig Ó hEachthairn 
‘An Foras Pátrúnachta Logo

Ár bPatrún

Is é an Foras Pátrúnachta patrún ár scoile. Tuilleadh eolais faoin bhForas Patrúnachta le fáil ó phríomhoide na scoile, ó oifig na scoile nó ag www.anforas.ie